Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 15:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Seo mar a deir Tiarna na Slua: ‘Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Is marso a deir TIGHEARNA na slúagh, Cuimhnighim an ní do rinne Amalec re Hisrael, mar do chuir sé luigheachán roimhe annsa tslighe, a nuáir tháinic sé amach ón Négipt.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 15:2
8 Tagairtí Cros  

Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau.


Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil; pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,


Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”


Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad.


Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu.


Ansin d'fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt: “Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha, ach dísceofar a shliocht go brách.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí