Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 8:34 - An Bíobla Naofa 1981

Ina dhiaidh sin léigh Iósua briathra uile an dlí, na beannachtaí agus na mallachtaí, de réir mar atá scríofa i leabhar an dlí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus na dhiáigh sin do léigh sé bríathra an dlighe uile, na beannáchda agus na mallachda, do réir a nuile neithe dá bhfuil scriobhtha a leabhar an dlighe.

Féach an chaibidil



Iósua 8:34
10 Tagairtí Cros  

Bhíodar ag léamh as leabhar Mhaois don phobal um an dtaca sin agus fuair siad scríofa ann: “Ní bheidh cead isteach go deo i gcomhthionól Dé ag an Amónach ná ag an Móábach


Bhí cách ina seasamh i láthair chuí agus bhíodar ag léamh sleachta as leabhar dhlí an Tiarna a nDia ar feadh ceathrún den lá; bhíodar ag admháil a bpeacaí ar feadh ceathrún eile den lá, agus ag adhradh an Tiarna a nDia.


Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh:


Buailfidh an Tiarna thú le poc buile agus le daille agus le meabhrán aigne;


Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.