Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 8:3 - An Bíobla Naofa 1981

Ansin d'éirigh Iósua agus a lucht cogaidh go léir chun ionsaí a dhéanamh ar Háí. Thogh Iósua tríocha mile gaiscíoch agus sheol uaidh iad i gcoim na hoíche,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Annsin déirigh Iosua, agus an luchd cogaidh uile, chum dul súas a naghaidh Ai: agus do thogh Iosua amach tríochad míle dfearuibh láidre a ngaisgidh, agus do chuir ar siubhal íad san noidhche.

Féach an chaibidil



Iósua 8:3
10 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Maois le Iósua: “Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.”


agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.


tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó,


Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’


Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna.


Ghabh Iósua féin suas ó Ghilgeál dá réir sin, agus a lucht cogaidh go léir fairis, agus na gaiscígh go léir.


Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.”


leis na horduithe seo: “Féach, téigí i luíochán ar an gcathair i leith a cúil, ach ina cóngar; bígí ar bhur n‑aire.


Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.


Tar féin agus do lucht leanúna dá bhrí sin i gcoim na hoíche agus téigh in eadarnaí orthu sna bánta.