Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 17:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Agus dúirt Maois le Iósua: “Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus a dubhairt Maóise ré Iosua, Tógh dhuinn amach dáoine, agus eirghi ámach, agus troid re Hamalec, a márach seasfa misi ar mullach an chnuic maille ré slat Dé am láimh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 17:9
18 Tagairtí Cros  

Nún a mhacsan, Iósua a mhacsan.


Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh.


Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr.


D'éirigh Maois dá bhrí sin agus a shearbhónta Iósua, agus suas faoi shliabh Dé le Maois.


Labhraíodh an Tiarna le Maois aghaidh ar aghaidh, mar a dhéanann fear le cara. Ansin d'fhilleadh Maois ar an gcampa, ach Iósua, mac Húr, a shearbhónta ógfhir, ní fhágadh sé an Bhoth.


Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”


D'fhiafraigh an Tiarna de: “Cad é sin i do láimh agat?” “Slat,” arsa Maois.


Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.


Ansin dúirt Iósua mac Nún, duine tofa dá chuid a bhíodh ag fónamh do Mhaois: “A Mhaois, a thiarna, cuir cosc leo!”


Sin iad ainmneacha na ndaoine a sheol Maois uaidh ag taiscéaladh na tíre. Ansin thug Maois an t‑ainm Iósua ar Hóiséa mac Nún.


Thar ceann treibh Eafráim, Hóiséa mac Nún.


Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg Iósua mac Nún, fear ina lonnaíonn an spiorad, agus leag do lámha air;


Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus d'fhan sí ann go dtí aimsir Dháiví.


Tháinig Maois agus [Iósua] mac Nún agus d'aithris siad focail na laoi sin go léir i gcomhchlos an phobail.


Óir dá mba rud é gur thug Iósua suaimhneas dóibh, ní bheadh Dia ag caint faoi lá eile ina dhiaidh sin.


Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Sín an ga atá i do láimh i gcoinne Háí óir táim ar tí í a thabhairt i do láimh duit.” Agus shín Iósua an ga a bhí ina láimh aige i gcoinne na cathrach.


Ansin d'éirigh Iósua agus a lucht cogaidh go léir chun ionsaí a dhéanamh ar Háí. Thogh Iósua tríocha mile gaiscíoch agus sheol uaidh iad i gcoim na hoíche,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí