Chuir Iosrael chun báis é de ghion claímh agus ghabh seilbh ar a chuid tailte ón Arnón go dtí an Iaboc, chomh fada le clann Amón, óir ba gharbh í teorainn chlann Amón.
Iósua 8:24 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d'fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d'imríodar faobhar claímh uirthi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, a nuáir do chríochnuigheadar Israel dúthchusaigh Ai uile do mharbhadh ann sa mhachaire, san bhfásach mar ar thiomáineadar íad, agus a nuáir do thuiteadar uile le fáobhar an chloidhimh, nó gur sgriosadh uile íad, gur fhilleadar na Hisraelitigh uile go Hái, agus gur bhuáileadar í lé fáobhar an chloidhimh. |
Chuir Iosrael chun báis é de ghion claímh agus ghabh seilbh ar a chuid tailte ón Arnón go dtí an Iaboc, chomh fada le clann Amón, óir ba gharbh í teorainn chlann Amón.
Ba é líon na ndaoine a thit an lá sin, idir fhir agus mhná, dhá mhíle dhéag. De mhuintir Háí iad uile.
Chúlaíodar os comhair arm Iosrael agus thugadar aghaidh ar an bhfásach, ach chuaigh an t‑arm sa tóir orthu; tháinig an dream eile as an gcathair agus thug fúthu gan choinne agus rinne ár orthu i leith a gcúil.