Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 8:19 - An Bíobla Naofa 1981

A luaithe a shín sé a lámh d'éirigh lucht an luíocháin go mear as a láthair agus ritheadar ar aghaidh agus isteach sa chathair leo; ghabhadar í agus chuireadar trí thine í gan mhoill.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do éirigh an luigheachán go mear asa náitibh, agus do ritheadar ar ball ar shín seision a lámh: agus do chúadar a steach don chathruigh, agus do ghabhadar í, agus do dheifrigheadar agus do chuireadar an chathair tre theinidh.

Féach an chaibidil



Iósua 8:19
5 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Sín an ga atá i do láimh i gcoinne Háí óir táim ar tí í a thabhairt i do láimh duit.” Agus shín Iósua an ga a bhí ina láimh aige i gcoinne na cathrach.


Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.”


Nuair a d'fhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, d'fhilleadar ar ais ar an tóir.


Ansin fágfaidh arm Iosrael a láithreacha agus cóireoidh siad iad féin in eagar catha ag Bál Támár; idir an dá linn, déanfaidh na hIosraelaigh atá i luíochán lastiar de Gheaba ruathar.”


Bhrúcht an lucht luíocháin amach go tapa, agus thugadar faoi Ghibeá, agus d'imríodar faobhar claímh ar lucht na cathrach go léir.