Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.
Iósua 8:16 - An Bíobla Naofa 1981 Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua d'fhágadar an chathair féin gan chosaint. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do goireadh a raibh do dháoinibh ann Ai a ccion a cheile na ttóruigheachd: agus do leanadar Iosua, agus do tairrngeadh on ccathruigh íad. |
Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.
Níor fágadh fear i Háí (ná i mBéitéil) nár ghabh amach ar thóir Iosrael; d'fhágadar an chathair ar leathadh agus leanadar Iosrael.
spioraid deamhan iad a bhíonn ag déanamh comharthaí, agus téann siad amach chun ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.
Rinne clann Bhiniáimin ruathar in aghaidh an tslua agus mealladh ón gcathair iad. Chromadar ansin ar chuid den mhuintir a bhí ar na bóithre suas go Béitéil agus go Gibeón a threascairt agus a mharú dála na n‑uaireanta eile; mharaíodar ansiúd, amuigh faoin tuath, timpeall deichniúr ar fhichid d'arm Iosrael.