Iósua 7:4 - An Bíobla Naofa 1981 Ghabh timpeall trí mhíle den phobal suas dá bhrí sin, ach chuir muintir Háí an teitheadh orthu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Marsin do chuáidh don phobal súas ansin timchioll thrí míle fear: agus do theitheadar roimhe mhuintir Ai. |
Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.
Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagán idir sibh agus bhur nDia. Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdach ionas nach gcloiseann sé sibh.
Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.
“Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n‑aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain.
Conas a d'fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíle agus beirt ar dheich míle, murar dhíol a gCarraig iad agus gur thug an Tiarna ar láimh iad?
D'fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: “Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.”