De bhrí go raibh Dia ag cabhrú leis na Léivítigh a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, d'ofráil siad seacht dtarbh agus seacht reithe.
Iósua 6:13 - An Bíobla Naofa 1981 Ghabh na seacht sagairt ar aghaidh roimh áirc an Tiarna ag iompar na seacht dtrumpa adhairce reithe ag séideadh na dtrumpaí gan stad; ghabh an t‑urgharda rompu amach, agus an cúlgharda i ndiaidh áirc an Tiarna agus na trumpaí á séideadh gan stad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do imthigheadar móirsheisear sagart ag iomchar sheachd stoc dadharcuibh reitheadh roimhe aírc an TIGHEARNA ar a naghuidh a ccomhnuidhe, agus do sheídeadar na stuic: agus na dáoine armtha ag imtheachd rompa; ach tangadar a ndeireadh a ndiáigh aírce an TIGHEARNA, na sagairt ag gabháil rompa, agus ag séideadh na stoc. |
De bhrí go raibh Dia ag cabhrú leis na Léivítigh a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, d'ofráil siad seacht dtarbh agus seacht reithe.
Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;
Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth.
D'éirigh Iósua go moch ar maidin agus thóg na sagairt leo áirc chonradh an Tiarna.
An dara lá mháirseáladar timpeall na cathrach aon uair amháin agus d'fhilleadar ar an gcampa. Rinneadar amhlaidh sé lá.
Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d'adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n‑uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí.
Ghabh an t‑urgharda ar aghaidh roimh na sagairt leis na trumpaí agus tháinig an cúlgharda ar chúl na háirce; bhí na trumpaí dá séideadh gan stad.