Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae.
Iósua 5:13 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí Iósua i ngar do Ireachó, d'ardaigh sé a shúile, chonaic fear ina sheasamh ansiúd os a chomhair, agus claíomh nocht ina láimh aige. Shiúil Iósua ina threo agus dúirt leis: “An ar ár dtaobhna atá tú, nó ar thaobh ár naimhde?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus tárla, a núair do bhí Iosua ag Iericho, gur thog a shúile súas, agus gur amhairc, agus, feach, do sheas duine thall as a choinne gon a chloidheamh nochduigh iona láimh: agus do chuaidh Iosua mar a raibh sé, agus a dubhairt ris, Ann air ar soinne atá tusa, nó ar son ar námhad? |
Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae.
D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
Ansin dhúisigh Iacób as a chodladh agus dúirt: “Tá an Tiarna san áit seo, tá sin, agus ní raibh a fhios agam é.”
D'ardaigh Iacób a shúile agus d'fhéach uaidh agus seo Éasau chuige le ceithre chéad fear. Scaip sé na leanaí ar Léá, ar Ráchael agus ar an mbeirt ionailt.
Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. “Cé hiad seo i do theannta?” ar sé. “An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,” arsa Iacób.
Ba thaca iadsan do Dháiví agus dá shluaite, mar gur churaí calma iad go léir, agus rinneadh oifigigh san arm díobh.
Ach ní raibh sé ar a chumas ag Dáiví dul isteach i láthair Dé ansiúd le dul i gcomhairle leis, le barr eagla roimh chlaíomh aingeal an Tiarna.
Nuair a rachaidh m'aingeal romhat agus tú a thabhairt isteach chun na nAmórach agus na Hiteach, na bPirizeach agus na gCanánach, na Hiveach agus na Iabúsach, scriosfaidh mé iad.
“Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána.
Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus d'imigh an t‑asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t‑asal á chur ar ais ar an mbóthar.
Ansin d'oscail an Tiarna súile Bhalám. Chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar agus claíomh nocht ina láimh, agus chrom sé síos agus thit ar a bhéal agus ar a fhiacla.
Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n‑aice.
Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Anois tá Ireachó agus a rí agus a ghaiscígh mhóra á dtabhairt ar láimh agam duit.
agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach.
D'éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: “An tú an té a labhair leis an mbean seo?” “Is mé,” ar sé.
Ansin dúirt Mánóach lena bhean: “Gheobhaimid bás, gheobhaimid, mar chonaiceamar Dia.”