Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 1:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n‑aice.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus nuair a bhí a súile go fóill ag stánadh in airde sa spéir an bealach a dʼimigh sé, bʼshiúd beirt fhear faoi éadaí gealbhána ina seasamh lena dtaobh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus le linn dóibh a bheith ag amharc air ag dul suas ar neamh, féach, sheasuigh beirt fhear i n-éadaighe geala i n-aice leo,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus an fhaid do bhíodar ag féacain go géar ar spéir neimhe, agus é ag imtheacht, féach, do bhí beirt fhear agus éadach geal ortha ’n‐a seasamh ’n‐a n‐aice; agus adubhradar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus an féadh do bhádar ag féachuín go gér air neamh agus eisean ag imtheachd, feuch, do sheasadar días fear a neadach geal láimh ríu;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus an fhaid a bhíodar ag féachaint air agus é ag imtheacht suas an neamh, féach, bhí beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach geal ortha, Agur dubhradar:

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 1:10
12 Tagairtí Cros  

“Is deacair d'iarratas a thabhairt duit,” arsa Éilias. “Má fheiceann tú mé agus mé do mo thabhairt ar shiúl uait, beidh sé agat mar a d'iarr tú; mura bhfeiceann, ní bheidh sé amhlaidh.”


Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.


Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta.


Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu.


Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.


agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t‑aingeal eile ag na cosa.


Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.”


D'fhreagair Coirnéilias: “An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá m'urnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala.


Ach tá beagán agat i Sairdis, daoine nár shalaigh a n‑éidí; agus siúlóidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é.


Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n‑éidí i bhfuil an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí