Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 5:13 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 ¶ Agus tárla, a núair do bhí Iosua ag Iericho, gur thog a shúile súas, agus gur amhairc, agus, feach, do sheas duine thall as a choinne gon a chloidheamh nochduigh iona láimh: agus do chuaidh Iosua mar a raibh sé, agus a dubhairt ris, Ann air ar soinne atá tusa, nó ar son ar námhad?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Nuair a bhí Iósua i ngar do Ireachó, d'ardaigh sé a shúile, chonaic fear ina sheasamh ansiúd os a chomhair, agus claíomh nocht ina láimh aige. Shiúil Iósua ina threo agus dúirt leis: “An ar ár dtaobhna atá tú, nó ar thaobh ár naimhde?”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 5:13
24 Tagairtí Cros  

Agus do fhoilísigh an TIGHEARNA e féin dó a réiteach Mhamre: agus do shuigh sé a ndorus na puible a tteas an láoi.


Agus do thóg a shúile suas, agus damharc sé, agus féuch, tríurfear na seasamh laimh ris, agus a nuáir do chonnairc sé íad do rith na gcoinne ó dhorus na puible, agus do chláon é féin go talamh.


Agus do mhúsguil Iácob as achodladh, agus a dubhairt, Go deimhin atá an TIGHEARNA sa náitsi; agus ní raibh a fhios agamsa.


Agus do thóg Iácob a shúile súas, agus damhairc se, agus féuch do tháinic Esau agus ceithre chéad fear leis. Agus do roinn sé an chlann do Léah, agus do Ráchel, agus don dá chumhal.


Agus do thóg se súas a shúile, agus do chonnairc na mná agus an chlann; agus a dubhairt, Cía híad súd agud? agus a dubhairt seision, An chlann tug Día go grásamhuil dod sheirbhíseach.


Oír fa namsín lá air lá do thigeadh go Dáibhi do chongnamh ris, nó go raibh na shluágh mhór, cosmhuil re slúagh Dé.


Agus dfúagair an TIGHEARNA don naingeal; agus do chuir sé a chloidheamh a steach a rís iona thrúaill.


Acht níor fhéud Dáibhi dul da lathair dfíafruigh do Dhia: oir do bhi eagla air do bhrígh chloidhimh aingil an TIGHEARNA.


Oír rachuidh Maingeal romhad, agus do bheura a steach thu chum na Namoríteach, agus chum na Hítiteach, agus na Bperisíteach, agus na Gcananíteach, no Hibhíteach, agus na Iebusiteach: agus gearrfa mé amach íad.


Annsin do thóig mé mo shúile súas, agus do chonnairc mé, agus féuch duine áirigh a néadach lín, agá rabhadar a leasrach criosluighthe lé hór fínealta Uphas:


Annsin do thóig mé súas mo shúile, agus do chonnairc mé, agus, féuch, do sheas as coinne na habhann reithe air a rabhadar dhá adhairc: agus dob árd an dá adhairc; achd budh áirde áon ná an dara, agus tháinic a nadharc budh áirde súas fa dheireadh.


Do chonnairc mé san noidhche, agus féuch duine ag marcuigheachd air each rúadh, agus do sheas sé a measc na ccrann miortail noch do bhí san ghleann; agus do bhádar na dhiáigh eich dearga, ballacha, agus bána.


Agus do chonnairc an tassal aingeal an TIGHEARNA na sheasamh ar a tslighe, agus a chloidheamh nochduighe iona láimh: agus do ionntóigh an tassal as a tslighe amach, agus do chuáidh ar feadh an mhacaire: agus do bhuáil Bálaam an tassal, dá fhilleadh annsa tslighe.


Annsin dfoscuil an TIGHEARNA súile Bhálaam, agus do chonnairc Bálaam aingeal an TIGHEARNA na sheasamh san tslighe, agus a chloidheamh tairngthe iona láimh: agus do chláon sé síos a cheann, agus do thuit sínte ar a aghuidh.


Agus an féadh do bhádar ag féachuín go gér air neamh agus eisean ag imtheachd, feuch, do sheasadar días fear a neadach geal láimh ríu;


¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Iosua, Féuch, thug mé Iericho ad láimh, agus a righ, agus a dháoine curata a ngaisgidh.


Agus a meadhón na seachd gcoinnleóir sin neach bá cosmhuil ré Mac an duine, noch fá raibh éudach ráinic síos go a sháluibh, agus crios órrgha thairis a dtimchioll a chíoch.


Agus déirigh Manoah, agus do chúaidh a ndiáigh a mhná, agus tháinig gus a nóglach, agus a dubhairt ris An tusa an té do labhair ris an mnaoi? Agus a dubhairt seision, Is mé.


Agus a dubhairt Manoah ré na mhnáoi, Do gheabham bás go deimhin do bhrígh go bhfacamar Diá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí