Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 4:22 - An Bíobla Naofa 1981

mar thriomaigh an Tiarna bhur nDia uiscí na Iordáine romhaibh, nó go raibh sibh gafa thairsti, mar a rinne an Tiarna bhur nDia le Muir na nGiolcach a thriomaigh sé romhainn nó go rabhamar gafa thairsti,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Annsin do bhéarthaoi a fhios dhá bhur ccloinn, ghá rádh, Tháinic Israel a nall tar an Iordanso ar thalamh tirim.

Féach an chaibidil



Iósua 4:22
11 Tagairtí Cros  

agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


Ghabh eachra Fhorainn isteach san fharraige lena gcarbaid agus lena gcarbadóirí, ach sheol an Tiarna uiscí na farraige siar orthu; shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.


Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim! triomóidh mé do chuid sruthanna.”


An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?


stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.


Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir.


abraigí leo: ‘Gabh clann Iosrael thar an Iordáin seo cos tirim’;


Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar an abhainn mhór, an Eofrataes, agus chuaigh an t‑uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir.