Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”
Iósua 24:9 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin is ea a d'eirigh Bálác mac Zipeor, rí Mhóáb, gur chuir sé cogadh ar Iosrael. Chuir sé fios ar Bhalám mac Bheór á iarraidh air mallacht a chur oraibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Annsin déirigh Bálac mhac Sippor, rígh Mhoab, agus do chathuidh sé a naghaidh Israel, agus do chuir fios agus do ghoir Bálaam mac Beor da bhur mallughadh: |
Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”
Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: ‘Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil’; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D'fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin.
An fearr d'fhear thú ná Bálác mac Zipeor rí Mhóab? Ar thug seisean dúshlán Iosrael riamh? Ar chuir sé cogadh riamh orthu?