Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 24:24 - An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair an pobal Iósua: “Is don Tiarna ár nDia a dhéanfaimid fónamh, agus is dá ghuth siúd a bheimid umhal.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dubhairt an pobal ré Iosua, Ar TTIGHEARNA Día isé adhrum, agus dá ghuth uimhleocham.

Féach an chaibidil



Iósua 24:24
6 Tagairtí Cros  

Thug siad mionn os ard don Tiarna le gártha agus le séideadh stoc agus adharc.


Agus d'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “A bhfuil ráite ag an Tiarna, comhlíonfaimid.” Agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna.


Tháinig Maois agus d'aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.”


Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.”


Más olc maith linn é umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia chun a gcuirimid thusa, le go mbeidh an scéal go maith againn, nuair a umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia.”