Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.
Iósua 24:22 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Is finnéithe sibh in bhur n‑aghaidh féin go bhfuil an Tiarna tofa agaibh chun fónamh dó.” Agus dúirt siadsan: “Is finnéithe sinn.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iosua ris an bpobal, Is fiadhnuise sibh féin bhur naghaidh féin, gur thoghbhair an TIGHEARNA dhíbh, do dhéanumh seirbhíse dhó. Agus a dubhradarsan, Is fiadhnuisi sinn. |
Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.
Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”
Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?
Tá an dearbhú seo déanta agat inniu faoin Tiarna: gurb é do Dhia é, ach ar choinníoll go leanfaidh tú a bhealaí, go gcoimeádfaidh tú a dhlíthe, a aitheanta, agus a reachtanna, agus go n‑éistfidh tú lena ghlór.