Iósua 23:3 - An Bíobla Naofa 1981 Chonaic sibhse féin le bhur súile cinn na nithe sin go léir a rinne an Tiarna ár nDia leis na ciníocha seo go léir. An Tiarna bhur nDia a throid ar bhur son. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chonncabhairsi gacha a ndéarna bhur TTIGHEARNA Día ris na cineadhachaibh si uile ar bhur sonsa; óir se bhur TTIGHEARNA Día do throid ar bhur son. |
‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.
Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.
Feicfidh bhur súile cinn féin é seo agus déarfaidh sibh: “Is tréan é an Tiarna, fiú lasmuigh de theorainn Iosrael.”
Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach agus é féin ag troid ar bhur son, faoi mar a rinne ar bhur son san Éigipt os comhair bhur súl.
Óir tá an Tiarna bhur nDia ag dul libh chun troda ar bhur son in aghaidh bhur naimhde, agus chun an bua a bhreith daoibh.’
“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.
“Má bhuaileann sé isteach i do chroí a rá: ‘Is líonmhaire na ciníocha seo ná mé; conas a chuirfinn as seilbh iad?’
Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n‑ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i d'aghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat.
Ní raibh lá mar é riamh ná ó shin i leith nuair a ghéill an Tiarna do ghuth duine mar bhí an Tiarna ag troid ar son Iosrael.
Ghabh Iósua na ríthe sin go léir agus a bhfearainn d'aon iarracht amháin mar go raibh an Tiarna, Dia Iosrael, ag troid ar son Iosrael.
Cuireann duine agaibh an teitheadh ar mhíle, mar is é an Tiarna bhur nDia a throideann ar bhur son, faoi mar gheall sé daoibh.