Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 21:41 - An Bíobla Naofa 1981

Ba é an líon cathracha i gcríocha chlann Iosrael a bronnadh ar na Léivítigh, ocht gcathair agus daichead lena dtalamh féaraigh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Uile chaithreacha na Lébhíteach a stigh a seilbh chloinne Israel dob ochd gcaithreacha agus dá fhithchiod íad maille re na gcuimínibh.

Féach an chaibidil



Iósua 21:41
7 Tagairtí Cros  

Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael.


Cidéamót lena thalamh féaraigh, agus Maefát lena thalamh féaraigh;


Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.


Dá réir sin de bharr ordú an Tiarna, thug clann Iosrael na cathracha seo inár ndiaidh agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh as a n‑oidhreacht.


Ba é an líon cathracha a tugadh, fine ar fhine, do shliocht Mharáraí, a raibh fágtha d'fhiní na Léivíteach is é sin, dhá chathair déag.


Ghabh a talamh féaraigh máguaird le gach cathair díobhsan; mar sin a bhí ag gach cathair díobh.