Agus leis na Heabrónaigh: Iríá an taoiseach. Sa daicheadú bliain de réimeas Dháiví, rinneadh iniúchadh ar ghinealach na bhfiní Heabrónach, agus aimsíodh fir chumasacha leo ag Iazaer i nGileád.
Iósua 21:39 - An Bíobla Naofa 1981 Heisbeon lena thalamh féaraigh, Iazaer lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha ar fad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Hesbon gun a cuimínibh, Iaser gun a cuimínibh; ceithre caithreacha san niomlán. |
Agus leis na Heabrónaigh: Iríá an taoiseach. Sa daicheadú bliain de réimeas Dháiví, rinneadh iniúchadh ar ghinealach na bhfiní Heabrónach, agus aimsíodh fir chumasacha leo ag Iazaer i nGileád.
Golaim ar do shon níos mó ná ar son Iazaer, a fhíniúin Shuibmeá; shín do chuid buinní thar farraige, an bealach ar fad go Iazaer. Tá an scriosadóir tagtha ar do thorthaí fómhair, ar thorthaí d'fhíniúna.
Bhí táinte móra de bha breátha ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád. Chonaiceadar anois gurb an-áit do stoc dúiche Iazaer agus dúiche Ghileád.
“Dúiche Atárot agus Díobon agus Iazaer agus Nimreá agus Heisbeon agus Eileálae agus Seabám agus Neabó agus Beon,
le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón,
cathracha an ardchláir go léir, is é sin, agus ríocht uile Shíochon rí na nAmónach, a rialaigh i Heisbeón; chloígh Maois eisean, agus taoisigh Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr, agus Reaba, prionsaí le Síochon a bhí ag cur fúthu sa tír.
Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá,
De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,
Ba é an líon cathracha a tugadh, fine ar fhine, do shliocht Mharáraí, a raibh fágtha d'fhiní na Léivíteach is é sin, dhá chathair déag.