Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 21:27 - An Bíobla Naofa 1981

Tugadh do shliocht Ghéirseon, d'fhiní Léivíteach, de leath-threibh Mhanaise, an chathair thearmainn don mharfóir Golán i mBáiseán, lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh - dhá chathair.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Agus do chloinn Gerson, do mhuinntearuibh na Lebhíteach, on leiththreibh oile do Mhanasseh tugadar Gólan a Mbásan maille re na cuimínibh, mar chathair dídin ag an marbhthóir; agus Beesterah gun a cuimínibh; dhá chathruigh.

Féach an chaibidil



Iósua 21:27
8 Tagairtí Cros  

Tugadh trí chathair déag do na Géirseomaigh de réir a bhfiní, as treibh Íosácár, as treibh Áiséar, as treibh Naftáilí agus as treibh Mhanaise i mBáiseán.


Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí.


Ba iad seo iad: do na Reúbaenigh, Beizir san fhásach ar an ardchlár; do na Gádaigh, Rámot i nGileád; do na Manaisigh, Gólán i mBáiseán.


Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.


Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag an chuid eile d'fhiní chlann Chohát, deich gcathracha ar fad lena dtalamh féaraigh.


De threibh Íosácár Diseon lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh,


Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.