Iósua 21:10 - An Bíobla Naofa 1981 sliocht Árón a fuair iad seo, fine de chuid na gCohátach a bhain le treibh Léiví mar gur orthu a thit an chéad chrann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Noch fúaradar clann Aáron, do nahuintir na Gcohatiteach, noch do bhí do chloinn Lébhi: (oir fá léosan an céadchrannchar.) |
Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d'fhad saoil ag Cohát.
Ó Chohát shíolraigh sleachta na nAmrámach, sleachta na nIzeárach, sleachta na Heabrónach, agus sleachta na nUizíéalach. Sin iad sleachta na gCohátach.
“Déan daonáireamh ar na Léivítigh sin atá de shliocht Chohát de réir fine agus clainne;
Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall.
Caitheadh cranna ar son chuid finí na gCohátach. Thit trí chathair déag de chuid treibheanna Iúdá, Shimeon, agus Bhiniáimin leis na Léivítigh a chin ó chlann Árón an sagart.
De threibh Iúdá agus de threibh Shimeon thugadar na cathracha seo a luafaimid ó ainm inár ndiaidh;