Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 20:5 - An Bíobla Naofa 1981

Má bhíonn an díoltach fola sa tóir air, ná tugaidís an marfóir ar láimh dó, mar gur mharaigh sé a chomharsa trí thaisme, gan aon fhaltanas a bheith aige leis roimhe sin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus má ní dioghaltach na fola tóruigheachd na dhiáigh, annsin ní thoirbheoruid síad an marbhthóir ann a láimh; do chionn gur bhuáil sé a chomharsa gan fhios dó féin, agus nach raibh fúath aige roimhe a naimsirsin air.

Féach an chaibidil



Iósua 20:5
3 Tagairtí Cros  

“Labhair le clann Iosrael agus abair: Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d'aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:


Bíodh na cathracha seo mar thearmannn agaibh ón díoltach fola i dtreo nach mbásófaí an marfóir gan é thabhairt chun breithe os comhair an chomhthionóil.


agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás.