Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Labhair le clann Iosrael agus abair: Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d'aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Labhair re cloinn Israel, ga rádh, Ma pheacúigheann anum tré ainbhfios a naghuidh éanaithne an TIGHEARNA, (a ttáobh nitheadh nár chóir do dhéanamh,) agus go ndéana sé ní a naghaidh éan dhíóbh.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 4:2
18 Tagairtí Cros  

Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: “Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.”


Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.


Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint? ná leag orm mo pheacaí folaigh.


Óir as an iomad taibhreamh tagann baois agus barraíocht baothchainte. Maidir leatsa, áfach, bíodh eagla ort roimh Dhia.


Má itheann duine rud naofa gan fhios, déanadh sé é a aisíoc leis an sagart agus cúigiú dá luach de bhreis leis.


Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:


Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach,


Má pheacaíonn uachtarán le barr neamhaire agus rud éigin de na nithe go léir atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a Dhia a dhéanamh agus é féin a fhágáil ciontach,


Má pheacaíonn duine den ghnáthphobal le barr neamhaire agus go bhfágann sé é féin ciontach mar go ndéanann sé rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna,


ansin roghnaígí cathracha le bheith ina gcathracha seo mar thearmainn agaibh ón díoltach fola i dhéanann marú gan bheartú dídean.


Seo mar is féidir do dhuine a anam a bhreith leis ach teitheadh iontu: Má mharaíonn duine a chomharsa trí thaisme, agus gan é in earraid leis roimhe sin -


cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.


Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh.


Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.


Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.


Ach níor chuala Iónátán a athair ag cur an phobail faoi bhrí an mhionna, agus shín sé barr an bhata a bhí ina ghlaic agus thum sa chíor é agus chuir a lámh chun a bhéil, agus tháinig preab ina shúile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí