Anois mar sin, más mian libh a bheith dílis ionraic le mo mháistir, insigí dom é; agus mura bhfuil sibh, abraigí - ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.”
Iósua 2:14 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin d'fhreagair na fir í: “Ár n‑anam in áit bhur n‑anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhreagradar na dáoine í, Ar nanum ar bhur sonsa, muna bhfoillsighidh tú na gnothuighesi águinn. Agus is amhluidh bhías, a núair bhéaras an TIGHEARNA an dúithche dhúinn, go ndéanum go cinéulta fírinneach riotsa. |
Anois mar sin, más mian libh a bheith dílis ionraic le mo mháistir, insigí dom é; agus mura bhfuil sibh, abraigí - ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.”
Nuair a bhí an bás ag druidim le hIosrael, ghlaoigh sé chuige a mhac Iósaef agus dúirt sé leis: “Má fuair mé fabhar i do láthair, cuir, impím ort, do lámh faoi mo cheathrú agus geall go mbeidh tú go dílis fírinneach liom. Ná hadhlaic mé san Éigipt,
Chuir Dáiví teachtaireacht go muintir Iáibéis Gileád. “Go raibh beannacht oraibh ón Tiarna,” ar sé, “toisc go ndearna sibh an cineáltas seo do Shól, bhur dtiarna, agus gur adhlaic sibh é.
Anois go raibh an Tiarna féin cineálta dílis libhse. Déanfaidh mise freisin an mhaith a rinne sibh a chúiteamh libh.
D'fhiafraigh Dáiví: “An bhfuil aon duine fágtha de theaghlach Shóil i dtreo gurbh fhéidir dom bheith cineálta leis ar son Iónátán?”
Nuair a bhí an rí ag gabháil thar bráid ghlaoigh sé chuige á rá: “Bhí do shearbhónta ag triall ar lár an chatha agus, féach!, d'iompaigh saighdiúir agus thug fear chugam agus dúirt: ‘Fair an fear seo. Má éalaíonn sé ar aon tslí, díolfaidh tú as le d'anam féin, nó díolfaidh tú tallann airgid.’
Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta? Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.
[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.
Scaoil an ceannasaí an gasúr chun siúil tar éis a rá leis: “Ná hinis do dhuine ar bith gur nocht tú an scéal seo dom.”
go ndéanfaidh sibh anacal ar m'athair agus ar mo mháthair, ar mo dheartháireacha agus ar mo dheirfiúracha, agus ar gach aon duine a bhaineann leo, agus go dtabharfaidh sibh slán ón mbás sinn.”
Ansin lig Rácháb síos iad ar théad ón bhfuinneog mar bhí an teach buailte le balla na cathrach ach í ina conaí laistigh den bhalla.
Ní foláir an chathair agus gach a bhfuil ann a thíolacadh faoi bhang an Tiarna; ná déantar anacal anama ach ar Rácháb an striapach - í féin agus líon a tí mar gur cheil sí na teachtairí a sheolamar.
Dúirt Iósua leis an mbeirt a rinne an tír a bhrath: “Isteach libh i dteach na striapaí agus tugaigí libh amach as an bhean agus gach a mbaineann léi mar a mhionnaigh sibh di.”
Ach Rácháb an striapach, agus líon tí a hathar, agus gach ar bhain léi, thug Iósua anacal anama dóibh agus tá cónaí uirthi in Iosrael go dtí an lá inniu féin, mar gur fholaigh sí na teachtairí a sheol an Tiarna chun Ireachó a bhrath.
Bí cineálta dílis dá bhrí sin le do shearbhónta, mar d'aontaigh tú thú féin leis de bhrí chonartha in ainm an Tiarna. Ach má táim ciontach, cuirse féin chun báis mé - cad ab áil leat do mo bhreith go dtí d'athair?”