Iósua 19:50 - An Bíobla Naofa 1981 Thug siad dó, ar ordú an Tiarna, a rogha cathair, Timneár Searach in ardáin Eafraim. Rinne sé an chathair sin a atógáil agus chuir faoi inti. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do réir fhocail an TIGHEARNA thugadar an cathair do íarr se dho, mar atá Timnat‐serah a slíabh Ephraim: agus do thóg sé an chathair, agus do chomhnuigh innte. |
Bhí iníon aige darbh ainm Séará agus is í a thóg Béit Horon Íochtarach agus Uachtarach, agus Uzaen Séará.
B'shin deireadh le cranna á gcur chun an tír a roinnt mar sheilbh oidhreachta. Thug clann Iosrael oidhreacht ina measc do Iósua mac Nún.
Rinneadar é a adhlacadh san oidhreacht a fuair sé i dTimneát Searach atá in ardáin Eafráim lastuaidh de Shliabh Gháis.
Rinneadar é a adhlacadh san fhearann oidhreachta a fuair sé i dTimneat Heireas in ardáin Eafráim, lastuaidh de Shliabh Gháis.