Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.
Iósua 19:10 - An Bíobla Naofa 1981 Thit an tríú crann ar threibh Zabúlun de réir a bhfiní. Shín a dtailte oidhreachta chomh fada le Sáraíd. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus táinic an treas crannchar amach ar chloinn Shebulun do réir a muinntear: agus do bhí teóra a noighreachda go nuige Sarid: |
Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.
Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.
Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo.
Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia.
Ghabh a dteorainn siar in airde go Maral, cneas le Daibisit ar dtús agus ansin leis an gcom sall ó Iocnán;
Cuid de thailte threibh Iúdá a tugadh mar oidhreacht do threibh chlann Shimeon, mar bhí roinn threibh Iúdá rómhór dóibh; sin é an fáth gur laistigh d'oidhreacht chlann Iúdá a fuair clann Shimeon a n‑oidhreacht féin.