Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.
Iósua 19:1 - An Bíobla Naofa 1981 Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n‑oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus táinic an dara crannchar amach chum Símeon, ar son threibhe chloinne Símeon do reír a muinntear: agus do bhí a noighreachd táobh a stigh doighreachd chloinne Iúdah. |
Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.
Seo iad na cathracha le treibh chlann Iúdá is sia ó dheas i dtreo teorainn Eadóm sa Neigib: Cabzael, Éidir, Iágúr,
Zaelá, Haeilif, Iarúsailéim, Gibea, Ciriat Iáraím - ceithre cathracha déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní.
Cuid de thailte threibh Iúdá a tugadh mar oidhreacht do threibh chlann Shimeon, mar bhí roinn threibh Iúdá rómhór dóibh; sin é an fáth gur laistigh d'oidhreacht chlann Iúdá a fuair clann Shimeon a n‑oidhreacht féin.
ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,