Ghabh an teorainn seo suas go Béit Hoglá, chuaigh ar aghaidh lastuaidh de Bhéit Arabá, agus shroich Lia Bhohan mac Reúbaen.
Iósua 18:17 - An Bíobla Naofa 1981 Chas sé ó thuaidh ansin agus ar aghaidh go hÉan Seimis agus as sin go dtí na clocháin chruinne sall ó Ard Adumaím. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí tairngthe ón ttáoibh thuáigh, agus do chuáidh amach go Hensemes, agus do chuáidh amach leath ré Gelilot, noch atá as coinne dhula súas Adúmmim, agus do chuáidh síos go cloich Bhohan mhic Reuben, |
Ghabh an teorainn seo suas go Béit Hoglá, chuaigh ar aghaidh lastuaidh de Bhéit Arabá, agus shroich Lia Bhohan mac Reúbaen.
Chuaigh an teorainn suas go Deibír ó Ghleann Ácór agus ó thuaidh i dtreo an fháinne cloch os comhair Bhealach Adumaím atá ar an taobh theas den ghleann; ghabh an teorainn ar aghaidh go huiscí Éan Seimis, agus stad ag Éan Rogael.
Ar aghaidh léi ansin go Ceitif os comhair an Arabá, agus síos go dtí an tArabá agus go Lia Bhohan mac Reúbaen.