Ní dhearna an t‑athair rud air, ach dúirt: “Tá a fhios agam, a mhic ó, tá a fhios sin. Beidh seisean leis ina phobal mór, agus beidh sé tábhachtach. Ach is tábhachtaí ná é a bheidh an deartháir is óige agus beidh a shliocht ina mbaicle ciníocha.”
Iósua 17:14 - An Bíobla Naofa 1981 Labhair teaghlach Iósaef le Iósua á rá: “Cén fáth nár thug tú dom ach aon chuid amháin, aon roinn amháin, mar oidhreacht, agus gur líonmhar iad mo mhuintir mar gur bheannaigh an Tiarna mé go dtí seo?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do labhradar clann Ioseph re Iosua, dhá rádh, Cred as nach ttug tú dhamsa achd éanchuid ronna agus éanchrannchair amháin a noighreachd, ó táim mórán daóine, do bhrígh gur bheannuigh an TIGHEARNA mé go ttí so? |
Ní dhearna an t‑athair rud air, ach dúirt: “Tá a fhios agam, a mhic ó, tá a fhios sin. Beidh seisean leis ina phobal mór, agus beidh sé tábhachtach. Ach is tábhachtaí ná é a bheidh an deartháir is óige agus beidh a shliocht ina mbaicle ciníocha.”
Chuir sé a bheannacht orthu an lá sin á rá: “Gura beannacht sibh in Iosrael! Go ndeire siad: ‘Go gcuire Dia an bhail chéanna ort le hEafráim agus le Manaise!’ ” Ar an tslí sin thug sé an tosach do Eafráim ar Mhanaise.
Maidir liom féin, bronnaim ort Seicim, de bhreis ar do dheartháireacha, é siúd a bhain mé de na hAmóraigh le mo chlaíomh agus le mo bhogha.”
Do threabhchas líonmhar, tabhair oidhreacht mhór; do threabhchas beag, oidhreacht bheag; bíodh an oidhreacht a thabharfar do gach treibh de réir a líon cláraithe.
Ós rud é gur phósadar i bhfiní chlann Mhanaise mhic Iósaef, d'fhill a n‑oidhreacht ar threibh fhine a n‑athar.
D'fhreagair Iósua: “Más pobal líonmhar sibh, suas libh chun na foraoise agus déanaigí talamh a ghlanadh i gcríocha na bPirizeach agus na Rafáím mar go bhfuil ardáin Eafráim róchúng daoibh.”