Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 15:63 - An Bíobla Naofa 1981

Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Agus ar son na Iebusíteach dúthchusaigh Ierusalem, níor fhéad clann Iúdah a ndíbirt amach: achd aítreabhuid na Iebusitigh maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niugh.

Féach an chaibidil



Iósua 15:63
9 Tagairtí Cros  

a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.


Ba iadsan na cinn fine, ceannairí, in ord de réir gaoil. Bhí cónaí orthu i Iarúsailéim.


Nibseán, Cathair an tSalainn, Éan Geidí; sé chathair lena mbailte.


Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.


Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.


(Thug clann Iúdá faoi Iarúsailéim agus ghabhadar é. Chuir siad muintir na cathrach chun báis agus an chathair trí thine.)