D'imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón is ea a rinneadar.
Iósua 14:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ag roinnt an fhearainn dóibh rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoíse, is marsin do rinneadar clann Israel, agus do roinneadar an dúithche. |
D'imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón is ea a rinneadar.
Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.
Bhíodarsan ag Sileo i dtír Chanán. Dúirt siad leo: “D'ordaigh an Tiarna trí Mhaois cathracha a thabhairt dúinn le cónaí iontu, agus an talamh timpeall orthu mar fhéarach dár n‑eallach.”