Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 14:13 - An Bíobla Naofa 1981

Chuir Iósua a bheannacht ar Chálaeb mac Iafuna agus thug Heabrón dó mar oidhreacht.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do bheannuigh Iosua é, agus thug do Chaleb mhac Iephunneh Hébron mar oighreachd.

Féach an chaibidil



Iósua 14:13
16 Tagairtí Cros  

Agus chuir Iacób a bheannacht ar Fhorann agus d'imigh amach ó láthair Fhorainn.


Ansin thug Iósaef Iacób a athair leis agus chuir i láthair Fhorainn é, agus chuir Iacób a bheannacht ar Fhorann.


Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?” d'fhiafraigh sé. D'fhreagair an Tiarna é: “Téigh suas.” “Go cé acu a rachaidh mé?” d'fhiafraigh Dáiví. D'fhreagair sé: “Go Heabrón.”


Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Sin iad finí Léiví de réir a sinsear.


agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte,


Ach is túisce liomsa ise, mo cholm gan cháim; is í is túisce lena máthair, is í rogha a buime í. Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di, banríon nó leannán nár mhol í:


Uime sin d'fhan Heabrón i seilbh oidhreachta Chálaeb mac Iafuna an Cinizeach mar go ndearna sé rud ar an Tiarna, Dia Iosrael, go beacht.


Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna .i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).


Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.


Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.


D'fhreagair Éilí ansin: “Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.”


Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”


don mhuintir i Heabrón, agus do na háiteanna go léir a thaithíodh Dáiví agus a chuid fear.