Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh; níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.
Iósua 14:10 - An Bíobla Naofa 1981 Féach, choinnigh an Tiarna i mo bheatha mé ón lá úd go dtí seo, de réir mar a gheall sé. Tá cúig bliana agus daichead ann ó thug an Tiarna an gealltanas sin do Mhaois agus Iosrael fós ag taisteal tríd an bhfásach. Seo mé cúig bliana agus ceithre fichid d'aois anois. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus féach, a nois, do choinnuimh an TIGHEARNA béó mé, mar a dubhairt sé, na cúig bhlíadhna agus dá fhithchiod so, eadhon ó labhair an TIGHEARNA an focalso re Máoise, an feadh do bhádar elann Israel ar seachran sán bhfásach: agus a nois, cheana, atáim a niugh ceithre fithchid agus cúig blíadhna daóis. |
Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh; níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.
Ar a shon go dtitfeadh míle le d'ais, agus deich míle ar do dheis, ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire, óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse.
mionnaim nach rachaidh duine isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn mar áitreabh daoibh,
Níor fágadh beo de lucht braite na tíre ach Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna.
Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: “Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil.
Táim chomh laidir céanna inniu agus a bhí mé an lá a sheol Maois uaidh mé; tá mo neart anois chun troda, chun dul ar eachtra agus filleadh, mar a bhí an uair ud.
Mhionnaigh Maois an lá úd á rá: ‘An talamh ar ar leag tú bonn do choise, bí deimhin de go mbeidh sé ina oidhreacht agat féin agus ag do chlann go brach, óir rinne tú rud ar an Tiarna mo Dhia go beacht.’