Ní bheidh aon oidhreacht acu; mise a n‑oidhreacht. Ní thabharfaidh sibh aon ghabháltas dóibh in Iosrael; mise a ngabháltas.
Iósua 13:33 - An Bíobla Naofa 1981 Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht do threibh Lebhi ni thug Máoise oighreachd air bith: Do be an TIGHEARNA Día Israel a noighreachdsan, mar a dubhairt sé riú. |
Ní bheidh aon oidhreacht acu; mise a n‑oidhreacht. Ní thabharfaidh sibh aon ghabháltas dóibh in Iosrael; mise a ngabháltas.
Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d'oidhreacht i measc chlann Iosrael.
Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.)
Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.
Sin mar a roinn Maois na fearainn ar bhánta Mhóáb, lastall den Iordáin os coinne Ireachó.
Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”