agus [ar an ngallán] Miozpá (Láthair Faire), mar a dúirt sé: “Bíodh an Tiarna ina fhear faire eadrainn nuair a scarfaimid ó radharc a chéile.
Iósua 13:26 - An Bíobla Naofa 1981 agus ó Heisbeón go Rámat Mizpe agus Batonaím, agus ó Mhachanaím go dúiche Lidibir, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ó Hesbon go Ramat‐mispeh, agus go Betonim; agus ó Mhahanaim go brúach Debir; |
agus [ar an ngallán] Miozpá (Láthair Faire), mar a dúirt sé: “Bíodh an Tiarna ina fhear faire eadrainn nuair a scarfaimid ó radharc a chéile.
Nuair a shroich Dáiví Machanáím, thug Siobaí mac Nácháis ó Rabá na nAmónach, Mácaír mac Aimiael ó Ló Dabár, agus Bairzilí an Gileádach ó Rogailím -
Aibnéar mac Néar, taoiseach airm Shóil, rug sé Ís Bál mac Shóil leis agus thug sé anonn go Machanáím é.
Dúirt rí Iosrael lena oifigigh: “An bhfuil a fhios agaibh go mbaineann Rámot Gileád linne? Ach mar sin féin ní chuirimid cor asainn chun é bhaint as lámha rí Arám.”
Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá,
agus sa ghleann: Béit Hárám, Béit Nimreá, Sucót, agus Záfaón, an chuid eile de ríocht Shíochon rí Heisbeón. Ba í an Iordáin an teorainn go híochtar Muir Chinearat ar an taobh thoir den Iordáin.
Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.
De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,
Thionóil na hAmónaigh agus shuíodar a longfort i nGileád. Chruinnigh clann Iosrael agus shuíodar a longfort i Mizpeá.
Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.
Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach.