Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.
Iósua 13:11 - An Bíobla Naofa 1981 agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus Gílead, agus teóra na Ngesuriteach agus na Maachatíteach, agus slíabh Hermon uile, agus Basan uile go Sálcah; |
Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.
Ghabh Gisiúr agus Arám, Havat Iáír, Canát agus a shráidbhailte, trí fichid baile uathu. [Bhain seo uile le] Mácaír athair Ghileád.
Dúirt Maois leo: “Má ghabhann gach fear a iompraíonn arm de chlann Ghád agus de chlann Reúbaen thar an Iordáin libh chun troid roimh an Tiarna amach, nuair a bheidh an tír faoi smacht agaibh, ansin tugaigí tír Ghileád ina seilbh.
cathracha uile an ardáin, Gileád go léir, agus Báiseán go léir chomh fada le Salacá agus Eidreí, príomhchathracha Óg i mBáiseán.
go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.
na cathracha go léir a bhí ag Síochon rí na nAmórach a rialaigh i Heisbeón chomh fada le teorainn na nAmónach,
Seo é an fearann atá fós le gabháil: Críocha uile na bhFilistíneach, agus dúiche uile na nGeasúrach;
Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá,
Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,
Ghabh [a thuilleadh díobh] thar áthanna na Iordáine anonn go Gád agus Gileád. Bhí Sól fós i nGilgeál agus bhí a lucht leanúna go léir ar ballchrith.