“Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus d'oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.”
Iósua 12:18 - An Bíobla Naofa 1981 rí Afaec, duine; rí Laiseárón, duine; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Rígh Aphec, áon; rígh Lasáron, áon; |
“Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus d'oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.”
Tá an tír ag mairgneach agus ag meath; tá an Liobáin feoite le náire. Is geall le gaineamhlach Seárón; tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.
laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach,
Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil.
Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.] [Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec.