Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,
Iósua 11:17 - An Bíobla Naofa 1981 Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Eadhon ó shliabh Hálac, théid súas go Seir, go Baal‐gad a ngleann Lebanon raoi shlíabh Hermon: agus do ghabh sé a righthe uile, agus do bhuáil íad, agus do mharbh sé íad. |
Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,
Is leat na flaithis, is leat an talamh; is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.
Ar aghaidh libh ón áit seo, cuirigí chun bealaigh, agus imigí libh go harda na nAmórach, go dtí an mhuintir a chuireann fúthu san Arabá, sna hardáin agus sna hísleáin, sa Neigib agus san fheorainn; isteach libh i dtír Chanán agus sa Liobáin, chomh fada leis an Abhainn Mhór, an Eofrataes.
“Chasamar ansin agus ar aghaidh linn faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf mar a d'ordaigh an Tiarna dom.
Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n‑ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i d'aghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat.
Ón bhfásach agus ón Liobáin anseo go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, dúiche na Hiteach go léir chomh fada leis an bhFarraige Mhór laistiar, sin iad na críocha a bheidh agaibh.
go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.
agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát.