An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó? déanfaidh sé freastal ar ríthe; ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.
Iósua 10:9 - An Bíobla Naofa 1981 Mháirseáil Iósua ó Ghilgeál ar feadh na hoíche dá bhrí sin agus tháinig sé orthu aniar aduaidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tháinic Iosua ar a nadhbharsin chuca go hobann, agus do chuáidh sé súas ó Ghilgal ansa noidhche, |
An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó? déanfaidh sé freastal ar ríthe; ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.
Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa.
an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.
Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.
Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”
Tháinig Iósua agus a ghaiscígh go léir gan choinne orthu ag uiscí Mhaeróm, agus thugadar fúthu.