Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 10:8 - An Bíobla Naofa 1981

Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Ná heagluighthear thú rompa: óir do sheachuid misi ad laimh íad; ní sheasfa duine dhíobh romhad.

Féach an chaibidil



Iósua 10:8
16 Tagairtí Cros  

Tháinig fáidh ansin ar an bhfód ar lorg Acháb rí Iosrael. “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘An bhfaca tú an t‑arm mór seo? Féach, cuirfidh mé faoi do láimh é inniu féin, agus beidh a fhios agat gur mise an Tiarna.’ ”


Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?


Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ná bíodh eagla ort roimhe, óir thug mé é féin agus a mhuintir go léir agus a fhearann ar láimh duit; tabhair an íde chéanna air a thug tú ar Shíochon rí na nAmórach a mhair i Heisbeon.’


Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n‑ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i d'aghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat.


Lean Iósua air: “Ná bíodh eagla ná beaguchtach oraibh; bíodh misneach agaibh agus neart ionaibh mar sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na naimhde go léir a throidfidh in bhur n‑aghaidh.”


Mháirseáil Iósua ó Ghilgeál ar feadh na hoíche dá bhrí sin agus tháinig sé orthu aniar aduaidh.


Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.”


Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.


Dúirt an Tiarna leis: “Beidh mise leat, agus buailfidh tú Midián amhail is nach mbeadh iontu ach aon duine amháin.”


I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: “Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é.


agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.”