Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
Iósua 10:4 - An Bíobla Naofa 1981 “Taobhaigí liom,” ar sé, “agus tagaigí i gcabhair orm; déanaimís Gibeón a scrios mar go ndearna sí síocháin le Iósua agus le clann Iosrael.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tigidh suas chugamsa, agus cuidighe liom lé mbúailfimís Gibeon: óir do rinne sé síth re Iosua agus re cloinn Israel. |
Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”
Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna.
A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.
Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo.
Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.
Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n‑anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn.
Cuireann sé iontas orthu nach ritheann sibh leo isteach sa tuile chéanna drabhláis agus bíonn siad do bhur maslú.
spioraid deamhan iad a bhíonn ag déanamh comharthaí, agus téann siad amach chun ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.