Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.
Iósua 10:34 - An Bíobla Naofa 1981 Ghluais Iósua ar aghaidh agus sluaite Iosrael go léir fairis ó Láicís go hEaglón; chuireadar léigear uirthi agus d'ionsaíodar í. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do ghluáis Iosua ó Lachis go Heglon, agus Israel uile maille rís; agus do shuigheadar a ccampa re na huchd, agus do throideadar na haghuidh: |
Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.
Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo.
Ghabhadar í an lá céanna agus d'imríodar faobhar claímh uirthi. Chuir sé gach duine inti faoin mbang an lá sin mar a rinne le Láicís.