Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 10:29 - An Bíobla Naofa 1981

Ghabh Iósua ar aghaidh ansin ó Mhacaedá go Libneá agus sluaite Iosrael go léir fairis agus d'ionsaigh sé Libneá.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Annsin do ghlúais Iosua ó Mhacedah, agus Israel uile maille ris go Libnah, agus do throid sé a naghaidh Libnah:

Féach an chaibidil



Iósua 10:29
14 Tagairtí Cros  

D'fhill an príomhchornaire agus fuair rí na hAsaíre ag troid in aghaidh Libneá mar bhí sé cloiste aige gur fhág an rí Láicís.


Tá cuing Iúdá caite díobh ag Eadóm ar an gcuma sin go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc an t‑am sin chomh maith.


Chaith Eadóm díobh cuing Iúdá ar an gcuma sin agus tá siad saor go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc in aghaidh a cheannais an t‑am céanna mar gur thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear.


D'imigh an tArdoifigeach leis ar ais agus fuair sé rí na hAsaíre ag déanamh ionsaí ar Libneá, mar bhí cloiste aige go raibh sé tar éis Láicis a fhagáil.


Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois an t‑am a tháinig sé i gcoróin, agus rialaigh sé aon bhliain déag in Iarúsailéim. Ba é ainm a mháthar Hamútal, iníon Irimia, ó Libneá.


Chuireadar chun bealaigh ó Riomon Peiriz agus shuíodar a gcampa i Libneá.


Ghabh Iósua Macaedá an lá céanna agus d'imir sé faobhar claímh ar an gcathair agus ar a rí. Chuir sé iad go léir faoin mbang, agus gach duine beo a bhí inti, gan ligean le haon duine. Thug sé an íde chéanna ar rí Mhacaedá agus a thug ar rí Ireachó.


Thug an Tiarna í seo ar láimh d'Iosrael chomh maith, í féin agus a rí; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti, gan duine beo a fhágáil inti; agus thugadar an íde chéanna ar a rí agus a thugadar ar rí Ireachó.


rí Libneá, duine; rí Adulám, duine;


Libneá, Eitir, Áiseán,


Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,


Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh - fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail.


Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.”


Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.