Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 10:22 - An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Iósua: “Osclaigí béal na huaimhe agus tugaigí an cúigear rí úd amach chugam.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Annsin a dubhairt Iosua, Oscluigh béul na húamha, agus tabhair chúgam amach na cúig righthe sin as a núamhaigh.

Féach an chaibidil



Iósua 10:22
5 Tagairtí Cros  

“Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi.


D'fhill an pobal go léir slán folláin ar champa Iósua i Macaedá, agus níor leomhaigh aon duine iarracht a dhéanamh in aghaidh chlann Iosrael.


Rinneadar amhlaidh agus thugadar an cúigear rí úd amach as an uaimh chuige .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicis, agus rí Eaglón.


ach gur gabhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é.


Ansin dúirt Samúeil: “Tugaigí Agag rí Amáiléic chugam,” agus tháinig Agag chuige [in aghaidh a chos]. “Is searbh an deoch é an bás,” ar sé.