Éirigh! Is é do chúramsa é, ach beimidne le d'ais. Bíodh misneach agat! Ar aghaidh leat!”
Iósua 1:16 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagraíodar Iósua á rá: “Déanfaimid gach ar ordaigh tú dúinn; rachaimid cibé áit a seolfaidh tú sinn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do fhreagradarsan Iosua, ghá rádh, A nuile ní aitheonus tusa dhínn do dhéanam é, agus gidh bé ait a gcuirfe tú sinn racham ann. |
Éirigh! Is é do chúramsa é, ach beimidne le d'ais. Bíodh misneach agat! Ar aghaidh leat!”
Dúirt clann Ghád agus clann Reúbaen le Maois: “Déanfaidh do shearbhóntaí mar a ordaíonn tú, a thiarna.
D'fhreagair clann Ghád agus clann Reúbaen: “Déanfaimid ar ordaigh an Tiarna do do shearbhóntaí.
Líonadh Iósua mac Nún le spiorad na heagna mar leag Maois a lámha air. Ghéill clann Iosrael dó agus rinneadar de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Mhaois.
Druidse leis, dá bhrí sin, agus éist lena bhfuil le rá ag an Tiarna ár nDia, agus inis dúinne gach a ndéarfaidh an Tiarna ár nDia leat; éistfimid leis agus déanfaimid dá réir.’
Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;
nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”
Rinneamar rud ar Mhaois i ngach gnó, agus déanfaimid rud ortsa mar an gcéanna; go raibh an Tiarna do Dhia leatsa faoi mar a bhí le Maois, sin uile!