Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air? Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?
Iób 5:16 - An Bíobla Naofa 1981 Fágann sin dóchas ag an dearóil, Agus a chlab dúnta ag an éagóir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mairsin atá dóigh ag an mbocht, agus stopuidh an téaicceart a béul. |
Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air? Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?
Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas, agus cuirtear an uile urchóid ina tost.
Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iad agus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.
Ach ní thabharfaidh oiread agus madra sceamh ar aon duine de chlann Iosrael sa chás go mbeidh a fhios agaibh conas mar a dhéanann an Tiarna idirdhealú idir mhuintir na hÉigipte agus chlann Iosrael.
Cén freagra a thabharfar ansin do theachtairí an chine sin? An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit, agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean.
Bhí an t‑ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia:
Filligí ar an daingean, a chimí an dóchais, an lá inniu féin dearbhaím go ndéanfaidh mé cúiteamh libh faoi dhó.
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.