Iób 39:16 - An Bíobla Naofa 1981 Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad; Is cuma léi más saothar in aisce a saothar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cruadhuighthear í a naghaidh a héun óg, mar budh eadh nach ar lé íad: as diomhaóin a sáothar gan eagla; |
Cuireann saothar an amadáin tuirse air mar ní eol dó an bóthar chun an bhaile mhóir.
Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar cé hí ar chaith tú léi mar seo; ní féidir gurbh éigean do mhná naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe; ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe a mharú i sanctóir an Tiarna!
Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n‑ucht agus tugann siad an chíoch dá gcoileáin; ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíoch le hostraisí an fhásaigh.
Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.