Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 10:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Cuireann saothar an amadáin tuirse air mar ní eol dó an bóthar chun an bhaile mhóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Tuirsigh sáothar na namadan gach áon aca fa leith, do bhrígh nach éol dó dul don chathruigh.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 10:15
14 Tagairtí Cros  

Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh; níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.


agus sheol sé ar an mbóthar díreach iad ionas gur aimsigh siad cathair chónaithe.


Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách.


Bíonn an t‑amadán ag glagaireacht leis de shíor ach ní eol d'aon duine céard atá le teacht; óir cé hé ar féidir dó a rá cad a tharlóidh ina dhiaidh.


Mairg duit, a thír a bhfuil leanbh ina rí ort, agus a mbíonn do phrionsaí ag caitheamh fleá ar maidin.


Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile.


Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.


Téann an fíréan in éag agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é. Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl gan duine ar bith a thabhairt aird air.


Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí