Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: “Tá an bás chugat,” ar sé leis, “de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.”
Iób 33:17 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta, Agus deireadh a chur lena dhíomas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Chor go ttairreonguidh sé duine ó na thríall, agus go bhfoileochadh sé úabhar ar dhuine. |
Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: “Tá an bás chugat,” ar sé leis, “de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.”
Ansin dúirt Dia leis san fhís: “Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m'aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi.
Ach ní dhearna Hiziciá aon chúiteamh ar son a ndearnadh dó; d'at a chroí le huabhar agus tháinig fraoch na feirge sa mhullach air féin, ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim.
Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais, Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis,
Óir tá a am agus a mhodh oibre féin ag gach beart agus bíonn ainnise an duine ag luí go trom air.
Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.
Is é Tiarna na Slua a bheartaigh, chun díomas a scéimhe a ísliú, chun toicithe na talún a chaitheamh síos.
Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”
Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm.
a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d'aithreacha, d'fhonn go n‑úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála.