Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 32:1 - An Bíobla Naofa 1981

Scoir an triúr sin de bheith ag freagairt Iób mar go raibh sé cinnte go raibh sé neamhchiontach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Marsin dó choisceadar an tríur so do fhreagra Iób, do bhrígh go raibh sé ionnruic iona shúilibh féin.

Féach an chaibidil



Iób 32:1
14 Tagairtí Cros  

Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.


Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.


Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair.


Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.


D'urchóid a spreagann do ráite béil, Agus is gean leat teanga na gcleasaithe.


Nach mór í d'urchóid, Agus nach bhfuil do choireanna gan teorainn?


Is duine ionraic a bheadh ag argóint leis Agus bhuafainn mo chás go dearfa.


Dúirt tú i gclos mo chluas - Chuala mé na focail féin uait -


“Táim gan cháim, gan pheaca; Táim ionraic, saor ó urchóid.


An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?


Filligí orm anois agus ná déantar éagóir! Sea, filligí, tá mo chúis fós gan breith.